Thursday, September 07, 2006
Máirtín Ó Direáin: Filíocht
Here's a nice poem from Máirtín Ó Direáin. You can find a translation here. Hope you enjoy it Derm ;)
Maith dhom
Im aonar dom aréir,
Im shuí cois mara,
An spéir ar ghann-chuid néall
Is muir is tír faoi chalm,
Do chumraíocht ríonda
A scáiligh ar scáileán m'aigne
Cé loinnir deiridh mo ghrá dhuit
Gur shíleas bheith in éag le fada.
Ghlaos t'ainm go ceanúil
Mar ba ghnáthach liomsa tamall,
Is tháing scread scáfar
Ó eán uaigneach cladaigh;
Maith dhom murarbh áil leat
Fiú do scáil dhíl im aice,
Ach bhí an spéir ar ghannchuid néall
Is muir is tír faoi chalm.
